Lá Fhéile Bríde
2nd Feb 2023
Déanaimid Lá Fhéile Bríde a cheiliúradh ar an gcéad lá de mhí Feabhra. Is é sin an chéad lá den earrach.
Is í Naomh Bríd banéarlamh na hÉireann. Tugtar ‘Muire na nGael’ uirthi uaireanta.
Rugadh Naomh Bríd i bhFochaird i gContae Lú timpeall na bliana AD 450.
Is iomaí nós a bhaineann le Lá Fhéile Bríde. Déantar crosa Bhríde as luachair agus crochtar sa teach iad chun muintir an tí a chosaint ó thinte agus ó olc i rith na bliana.
Scoil Náisiúnta Chiaráin Naofa,
Stoneyford,
Co. Kilkenny
Phone: 056 772 8393